Suíomh Dharach Uí Scolaí
Scríbhneoir, drámadóir, ealaíontóir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh a úrscéal An Cléireach (Leabhar Breac, 2007) Duais an Oireachtais 2007 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2008.
Léiríodh ceithre dhráma stáitse leis, An tSeanbhróg (2009), Craos (2008) agus An Braon Aníos (2006-07) agus Coinneáil Orainn (2005) a bhain Duais Bháitéir Uí Mhaicín amach, agus an BBC Stewart Parker Award. Rinneadh cóireáil don raidió ar Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos (2009) i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an BAI.
Chomh maith le saothar cló agus stáitse, tá scripteanna scríofa aige don tsraith teilifíse Na Cloigne (Robert Quinn, 2010) agus do dhá ghearrscannán, Cosa Nite (Dearbhla Walsh, 1998) agus An Leabhar (Robert Quinn, 2000).
An Cléireach ar fáil in eagrán nua
Mar gheall ar an gceannacht tréan ar an úrscéal An Cléireach, ó bhuaigh sé Duais an Oireachtais (“Saothar ealaíonta ar nádúr agus ar chumhacht na scéalaíochta.” —Limerick Leader), agus go háirithe ó bhain sé Gradam Uí Shúilleabháin amach ag an Oireachtas faoi Shamhain, b'éigean do Leabhar Breac dul chun cló leis an eagrán bog níos luaithe ná mar a bhí beartaithe lena chinntiú nach mbeadh an leabhar as cló roimh Nollaig. Tá an leabhar ar fáil i siopaí maithe leabhar agus clúdach deartha ag Caomhán Ó Scolaí uirthi atá chomh feiceálach agus chomh mealltach leis an gclúdach a bhí ar an gcéad eagrán.
Úrscéal nuálaíoch é An Cléireach a suitear i gcorraíl chogaíoch agus chultúir na 17ú hAoise, ach a bhfuil cuid mhaith le rá aige faoi shochaí ár linne féin. Ag tagairt di do na húrscéalta Gaeilge a foilsíodh le bliain anuas, in eagrán na Nollag de Comhar bhí Máiréad Ní Chinnéide cáinteach go maith ar chaighdeán scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta na Gaeilge: “diomaite An Cléireach le Darach Ó Scolaí níl aon úrscéal ina measc a bhféadfaí a rá ina thaobh gur saothar den scoth é.”
Tuilleadh eolais ag www.leabharbreac.com
An tSeanbhróg ar camchuairt
I mí Dheireadh Fómhair 2009 chuaigh compántas Salamandar ar camchuairt le léiriú nua dá gcuid, An tSeanbhróg, dráma nua le Darach Ó Scolaí. Is é Darach Mac Con Iomaire a bhí i mbun stiúrtha. Is é Darach Mac Con Iomaire a stiúraigh Coinneáil Orainn don Taibhdhearc i 2005, agus tá obair déanta aige ó shin mar stiúrthóir agus scríbhneoir drámaí teilifíse ach go háirithe.
Léiríodh an dráma sa bProject Arts Centre i mBaile Átha Clliath ón 20-24 Deireadh Fómhair, agus san Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn ón 28-31 Deireadh Fómhair (le linn an Oireachtais). B'iad Seán Ó Meallaigh agus Marcus lamb (thuas), agus Eoin Geoghegan a bhí i mbun aisteoireachta. Dráma dorcha grinn é An tSeanbhróg a chaitheann súil fheanntach ar Éirinn agus ar an spin náisiúnach. Tugann an dráma seo spléachadh difriúil ar ár stáir féin dúinn, agus déanann cíoradh faoi leith ar an Éireannachas, ó thaobh na nGael de ach go háirithe.
Trí Bhraon ar RnaG
I gcomhar leis an gcoimisiún craolacháin (BCI) agus le RTÉ Raidió na Gaeltachta léirigh an compántas drámaíochta Salamandar dhá dhráma raidió sa tsraith Trí Bhraon tar éis na Nollag, 2009. Bunaithe ar an dá dhráma stáitse Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos, deineadh athchóiriú iomlán nua ar an dá dhráma don raidió.
Sliocht as úrscéal nua le foilsiú in Bliainiris
Tugadh réamhbhlaiseadh den úrscéal nua atá ar na bacáin ag Darach Ó Scolaí 'An bhFuil sé in Am Fós?' san eagrán is deireanaí de Bliainiris a foilsíodh i bhfómhar na bliana 2009. Léigh an t-údar sleachta as an úrscéal seo ag Cúirt na Gaillimhe i 2008 agus ag an bhféile Imram i mBaile Átha Cliath.
Is iad an tOllamh Ruairí Ó hUiginn agus an t-údar Liam Mac Cóil eagarthóirí na hirise, agus ar na haistí litríochta eile a foilsíodh inti i mbliana tá an tríú sliocht as an úrscéal 'Ego Patricius' le Seán Mac Mathúna.
Inis Oírr faoi Bhealtaine
Tionólfar Ealaín ar Oileán in Áras Éanna, Inis Oírr ar an deireadh seachtaine an 21-24 Bealtaine i 2009. Seo é an séú bliain den chomhdháil ealaíne seo, agus orthu siúd a bhfuiltear ag súil leo i mbliana tá Éilís Ní Dhuibhne, Celia de Fréine, Liam Mac Cóil, Clíodna Cussen agus Ríonach Ní Néill.
Tuileadh eolais: http://www.ealainaroilean.com
Na Cloigne ar TG4
In Eanáir na bliana seo craoladh an scéinséir trí pháirt Na Cloigne ar TG4. Is é Robert Quinn a stiúraigh an tsraith, agus is é Ciarán Ó Cofaigh a leirigh. Is iad Darach Ó Scolaí a scríobh an bhunscript, agus d'oibrigh Lauren McKenzie ar an tsraith mar chomhscríbhneoir. Tá an script féin bunaithe ar shraith pictiúr a rinne Darach Ó Scolaí dtús na 90dí, agus a taispeánadh faoin teideal 'Sondaí Aniar'.
Páirteach sa tsraith bhí na haisteoirí Darach Ó Dubháin, Siobhán Ní Cheallaigh, Macdara Ó Fátharta agus Barry McGovern. Bhuaigh Na Cloigne Gradam Cumarsáide an Oireachtais i mbliana.
Tá cáil nach beag bainte amach ag Robert Quinn mar stiúrthóir le cúpla bliain anuas. Is é a stiúraigh na scannáin Cré na Cille agus Dead Bodies, an tsraith Rásaí na Gaillimhe, agus stiúraigh sé gearrscannán le Darach Ó Scolaí roimhe seo, An Leabhar. Tá obair freisin déanta aige ar na srairtheanna Seacht agus The Clinic.
I ngeall ar an éileamh mór a bhí ag an tsraith ar lucht féachana na tíre, rinne Robert Quinn athchóiriú ar an tsraith mar chlár amháin dhá uair an chloig a chraolaigh TG4 faoi Shamhain i mbliana.
Máirtín Ó Cadhain i gCeanada
Is ar scríbhneoireacht Mháirtín Ó Cadhain atá eagrán speisialta an earraigh den Canadian Journal for Irish Studies dírithe. In alt gearr le Darach Ó Scolaí 'L'ombre d'Ó Cadhain sur les écrivains de langue gaélique' déanann sé cur síos ar an tionchar a bhí ag an gCadhanach air féin agus ar an nglúin scríbhneoirí a d'eascair as Conamara iar-Chadhanach.
San eagrán seo den iris (a fhoilsíonn an Canadian Association for Irish Studies in Ollscoil Alberta faoi dhó sa bhliain) tá ailt freisin le Louis de Paor, Róisín Ní Ghairbhí, Máire Mhac an tSaoi, Cian Ó hÉigeartaigh, Eoghan Ó hAnluain, Stiofán Ó Cadhla, Bríona Nic Dhiarmada agus Aindrias Ó Cathasaigh, chomh maith le haistriúchán ar 'Beirt Eile' le Louis de Paor agus Lochlainn Ó Tuairisg.
Tuileadh eolais: Léigh an leagan Gaeilge den alt (pdf)
Tuileadh eolais: Suíomh an Canadian Journal for Irish Studies
Brat nua ar an gCeithearnach
Ní ar an gCléireach amháin a cuireadh cóta nua (féach thuas 'An Cléireach ar fáil in eagrán nua'), óir, ar mhaithe le cúrsaí margaíochta, tá forchlúdach úrnua curtha ar An Ceithearnach Caolriabhach (Leabhar Breac, 2000), a luíonn níos fearr, dar leis na foilsitheoirí, le hábhar agus le lucht léite an leabhair.
Go deimhin bhí sé curtha ar a súile do na foilsitheoirí ag Foinse go raibh an seanchlúdach ábhairín mífheiliúnach don ábhar raibiléiseach a bhí sa leabhar agus, dá bharr, chuir na foilsitheoirí greamaitheoir speisialta ar gach clúdach ag tabhairt rabhadh do cheannaitheoirí neamhairdeallacha.
Tá an clúdach nua, deartha ag Caomhán Ó Scolaí, curtha ar gach cóip den leabhar a sheolfar chuig na dáilitheoirí agus beidh sí le feiceáil ar chóipeanna nua den leabhar sna siopaí ó thús na bliana 2009 amach. Tá An Ceithearnach Caolriabhach ar fáil ó shiopaí maithe leabhar ar fud na tíre nó ó na foilsitheoirí Leabhar Breac.
Léigh sliocht as an leabhar (pdf)
Tuilleadh eolais ag www.leabharbreac.com
Agallamh na hEorpa
Ar fáil anois mar phodchraoladh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta tá taifead den chlár Agallamh na hEorpa a rinne leascheannaire an Raidió, Dónall Ó Braonáin, leis an údar Darach Ó Scolaí ar Lá an Chultúir 14 Deireadh Fómhair 2007. San agallamh pléann an t-údar a shaol agus a shaothar le Dónall Ó Braonáin, agus labhrann sé faoin ealaín, faoin litríocht, faoin drámaíocht, agus faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge.
Éist leis an agallamh mar phodchraoladh ar shuíomh RTÉ: http://www.rte.ie/rnag/agallamhonardchathair2007.html







