Féach:

Leabhair

An Cléireach bog

An Cléireach, úrscéal a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin agus Duais an Oireachtais. "Is iad inchredteacht agus dealraitheacht na scríbhneoireachtaa mheallann an léitheoir isteach sa scéal."

Craos

Craos, an tríú dráma sa triológ Trí Bhraon. “Dráma grinn a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth, agus caint spleodrach deisbhéalach.”

An Braon Aníos

An Braon Aníos, an dara dráma sa triológ Trí Bhraon. "Salamandar de chic do dhrámaíocht na Gaeilge."

Coinneáil Orainn

Coinneáil Orainn, an chéad dráma sa triológ Trí Bhraon. "Aor grinn atá sa dráma faoi theanga, bhréaga, mhaorlathas agus deontaisí Gaeltachta, i dtraidisiún Myles na gCopaleen."

An Ceithearnach Caolriabhach

An Ceithearnach Caolriabhach, athinsint ar scéal grinn a cumadh c.1500, agus é maisithe ag an údar.

Feis Tigh Chonáin

Feis Tigh Chonáin, athinsint ar sheanscéal. "Má tá leabhar ar bith chun scéalaíocht na Féinne a thabhairt isteach sa 21ú haois, is é an leabhar dea-scríofa, dea-dheartha seo é."

Léitheoirí Óga

An Bradán Feasa

Leabhar sa tsraith Fionn do léitheoirí san aoisghrúpa 9+ is ea An Bradán Feasa. Déanann an leabhar seo atá maisithe ag an údar athinsint ar an seanscéal faoi mar a fuair Fionn bua an fheasa.

Dóiteoir na Samhna

An dara leabhar sa tsraith Fionn do léitheoirí san aoisghrúpa 9+ is ea Dóiteoir na Samhna, leabhar maisithe a dhéanann athinsint ar an seanscéal faoi Fhionn agus doiteoir na Teamhrach.

 

 

 

Darach O ScolaiAistí Ócáidiúla

Teilifís as Comhthéacs. I gcaint a thug Darach Ó Scolaí ar chuireadh ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag Féile na Meán Ceilteach 2008 i nGaillimh, labhair sé faoi mhana TG4 ‘Súil Eile’ agus faoin ngéarghá atá le tástáil súl.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

Dhá Thoirealach agus Máirtín. Léacht a thug Darach Ó Scolaí ar an Ealaín Ghaelach in Ionad an Léinn Éireannaigh, Coláiste na hOllscoile Gaillimh, i mí Márta 2008 ina ndearna sé cur síos ar an ealaíontóir Gaelach ar tháirseach na díchuimhne.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

An Tóraíocht. Alt a scríobh Darach Ó Scolaí do Foinse agus a foilsiódh mí Eanáir 2008 ina bpléann sé Tóraíocht Dhiaramda agus Ghráinne mar mhórshaothar ealaíne.
Léigh an t-alt ina iomláine ar pdf anseo.

An Drámaíocht. Caint ghearr a thug Darach Ó Scolaí do mhic léinn drámaíocht Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, in Amharclann Chois Fharraige mí Márta 2007 ina bpleann sé ginealach dhrámaíocht Chonamara.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

Ar an gCarraig. Caint ghearr a thug Darach Ó Scolaí ag an gcéad chomhdháil Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Bealtaine 2004.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

Cé as an Ealaín? Caint ghearr a thug Darach Ó Scolaí ag an gcomhdháil Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Bealtaine 2005.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

Feidhm na hEalaine. Caint ghearr a thug Darach Ó Scolaí ag an gcomhdháil Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Bealtaine 2006.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

Ag Caint Linn Féin? Caint ghearr a thug Darach Ó Scolaí ag an gcomhdháil Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Bealtaine 2007.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

An Sean agus an Nua. Caint ghearr a thug Darach Ó Scolaí ag an gcomhdháil Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Bealtaine 2008.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.

Cé a Cheannódh Dán? Caint ghearr a thug Darach Ó Scolaí ag an gcomhdháil Ealaín ar Oileán in Inis Oírr, Bealtaine 2010.
Léigh an chaint ina hiomláine ar pdf anseo.