An Braon Aníos
“Salamandar de chic eile do dhrámaíocht na Gaeilge!”
—Feargal Ó Béarra, Foinse
Dráma dorcha grinn a phléann le téamaí an-dáiríre ar fad atá sa dráma An Braon Aníos. Is iad an compántas drámaíochta Salamandar a léirigh an dráma, agus a thug ar chamchuairt na tíre é i 2006 agus i 2007.
* * *
NÓRA: Bhfuil tú ag éisteacht liom ar chor ar bith? Tá an teach báite, a deirim. Tá an taoile isteach an doras orainn. Breathnaigh!
MICIL: Sea sea sea. Tá sé cloiste míle uair cheana agam, “ceithre horlaigh uisce ar an tsráid agus poll ar an Ósón Léar” - is gearr gur i bpoll a bheas mé fhéin agat!
NÓRA: A Mhicil!
MICIL: Tá mé ag éirí... Ó? Tá an bháisteach stoptha.
A Nóra! A Nóra! Cé scaoil an t-uisce? Tá an t-urlár báite! Tá an t-urlár báite, a deirim. A Nóra!
De réir mar atá an taoile ag éirí ar Mhicil is Nóra déantar plé ar cheisteanna móra an tsaoil: ardú na farraige agus cúlú na Gaeltachta, mná tí cantalacha agus coláistí samhraidh, Osama bin Laden agus an tÓsón Léar, agus, dár ndóigh, an GRÁ.
Camchuairt 2006 & 2007
Is iad an compántas drámaíochta Salamandar a léirigh an dráma An Braon Aníos. Peadar Ó Treasaigh, Pádraic Ó Tuairisc, Sorcha Ní Chéide, Sinéad Ní Fhlatharta agus Áine Ní Dhroighneáin a bhí páirteach sa dráma. Darach Ó Scolaí a léirigh an dráma agus is í Fionnuala Ní Ráinne a bhí ina bainisteoir léirithe.
Bhí an dráma páirteach i bhféile Project '06 na Gaillimhe, mar a ainmníodh Pádraic Ó Tuairisc don ghradam 'Aisteoir is Fearr'.
I 2006 agus i 2007 thug Salamandar an dráma ar camchuairt náisiúnta go Baile Átha Cliath (The Project Arts Centre, Barra an Teampaill), Béal Feirste (An Chultúrlann), Gaillimh (The Town Hall agus Áras na nGael), Ráth Cairn, Corca Dhuibhne (Halla na Feothanaí), Inis Oírr, Corr na Móna, Ros Muc, Eanach Mheáin (Galf Mara), agus Amharclann Chois Fharraige.
Léirmheas
'Fitear agus fuaitear an greann agus an ghéire ina chéile sa saothar seo.... dráma nuachumtha eile le Darach Ó Scolaí, a bhfacthas péac a phinn cheana in Cosa Nite agus Coinneáil Orainn.
Is beag duine dá chomhaoisigh a bhfuil an chlisteacht chumadóireachta agus an t-imeartas teanga léirithe (go poiblí) aige is atá á léiriú anseo arís ag Darach Ó Scolaí. Tuilleann sé meas agus miadh an lucht féachana as an ionracas intleachta agus as an gcumas atá ann an tomhais cheart a dhéanamh ar úsáid focal; tá sé tráthúil, cliste, ar bhealach nach bhfuil mórán eile de dhrámadóirí comhaimseartha na Gaeilge.'
—Feargal Ó Béarra, Foinse
Léigh an léirmheas ina iomláine ar salamandar.net
An Braon Aníos ar fáil ó Leabhar Breac
Tá script An Braon Aníos ar foilsithe ag na foilsitheoirí Leabhar Breac, agus í ar fáil ó shiopaí maithe leabhar ar fud na tíre. Gach eolas le fáil ar www.leabharbreac.com. Tá an leabhar le ceannacht ar an idirlíon freisin ó litriocht.com.
www.leabharbreac.com