Féach:

 

An Cléireach

Leabhar BreacEarrach na bliana 1651 bhíodar sé chéad fear agus trí scór marcach ag máirseáil isteach trí gheata bhaile an Teampaill Mhóir, an cornal Ó Flatharta ar a gceann, bratacha ar foluain agus drumaí á mbualadh...

Trí ráithe ina dhiaidh sin, ag teitheadh i ndiaidh a mullaigh roimh an namhaid dóibh, a ranga bearnaithe ag cogaíocht is ag plá, ag bás is ag tréigean, cruinnítear buíon bheag ar thaobh sléibhe agus, in ainneoin an áir atá á bhagairt orthu, ar feadh aon oíche amháin tagann aiteall sa bháisteach, soilsíonn na réaltóga, agus déantar ceiliúradh ar ealaín is ar aislingí.

Beag beann ar an namhaid atá ag cruinniú ina dtimpeall, lastar tine, roinntear deoch agus, le titim na hoíche, instear scéalta a bhaineann le heachtra a thit amach sa Bhóihéim tríocha bliain roimhe sin — scéalta a bhaineann le heasumhlaíocht, le feall is le tréigean airm, agus le hoidhreacht mhallaithe a d'fhág athair ag mac — agus a thugann go sléacht cois Sionainne sinn, agus go ceisteanna tromchúiseacha ár linne féin.

Louis de PaorDuaiseanna

Bhuaigh an t-úrscéal seo Gradam Uí Shúilleabháin 2008, agus Duais an Oireachtais 2007 (faoi urraíocht Phroibhinse Phroinsiasach na hÉireann). Ba é an duais €10,000 sin an duais ba mhó a bronnadh riamh ar úrscéal Gaeilge.

Léirmheasanna

Táimid sa phuiteach leo, agus san draoib, agus sa chlabar. Tá leathanaigh anseo nár mhór duit tuáille a tharraingt chugat féin tar éis a léite d’fhonn tú féin a thriomú.’ — Alan Titley

Saothar cumasach é seo. Ní mór ná gur féidir boladh agus blas an áir a bhrath. tá teannas drámatúil san insint a choimeádfaidh an léitheoir ag iompó na leathanach ó thosach deireadh. —Louis de Paor

Tá saibhreas agus ionramháil na teanga ar aon chéim amháin feabhais ó thús go deireadh an scéil. —An tOll Gearóid Ó Tuathaigh

Is iad inchreideacht agus dealraitheacht na scríbhneoireachta a mheallann an léitheoir isteach sa scéal sa chéad áit, agus ardsaibhreas agus cruinneas na teanga a chuireann ina luí air go bhfuil sé i gcorplár na cuilithe pé áit a ngluaiseann an t-aicsean. — Tadhg Dubh Ó Cróinín

Tugtar i láthair an aicsin muid, tá allas na gcótaí cabhlach le haireachtáil mar aon le cac na gcapall faoi bhealach na saighdiúirí coise. Scríbhneoir fíor-oilte ardchumasach atá chugainn. —Dónall Ó Braonáin

Saothar ealaíonta ar nádúr agus ar chumhacht na scéalaíochta. —Limerick Leader

Ón chéad leathanach, faigheann an scéal seo greim ort. — Lá Nua

Stíl ghlan láidir. — Foinse

Léigh na léirmheasanna ina n-iomláine.

An Cleireach BogAn Cléireach ar fáil in eagrán nua

Mar gheall ar an gceannacht tréan ar An Cléireach, ó bhuaigh sé Duais an Oireachtais 2007, agus go háirithe ó bhain sé Gradam Uí Shúilleabháin amach ag Oireachtas na Samhna 2008, b'éigean dul chun cló leis an eagrán bog níos luaithe ná mar a bhí beartaithe lena chinntiú nach mbeadh an leabhar as cló roimh Nollaig.

Ag tagairt di do na húrscéalta Gaeilge a foilsíodh le bliain anuas, ina halt “Géarghá le heagarthóireacht ar úrscéalta” in eagrán na Nollag de Comhar, scríobh Máiréad Ní Chinnéide 'diomaite An Cléireach le Darach Ó Scolaí níl aon úrscéal ina measc a bhféadfaí a rá ina thaobh gur saothar den scoth é.'

Íoslochtaigh sliocht as An Cléireach (pdf)

Ceannaigh An Cléireach ar leabharbreac.com