Féach:

Leabhair

An Cléireach bog

An Cléireach, úrscéal a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin agus Duais an Oireachtais. "Is iad inchredteacht agus dealraitheacht na scríbhneoireachtaa mheallann an léitheoir isteach sa scéal."

Craos

Craos, an tríú dráma sa triológ Trí Bhraon. “Dráma grinn a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth, agus caint spleodrach deisbhéalach.”

An Braon Aníos

An Braon Aníos, an dara dráma sa triológ Trí Bhraon. "Salamandar de chic do dhrámaíocht na Gaeilge."

Coinneáil Orainn

Coinneáil Orainn, an chéad dráma sa triológ Trí Bhraon. "Aor grinn atá sa dráma faoi theanga, bhréaga, mhaorlathas agus deontaisí Gaeltachta, i dtraidisiún Myles na gCopaleen."

An Ceithearnach Caolriabhach

An Ceithearnach Caolriabhach, athinsint ar scéal grinn a cumadh c.1500, agus é maisithe ag an údar.

Feis Tigh Chonáin

Feis Tigh Chonáin, athinsint ar sheanscéal. "Má tá leabhar ar bith chun scéalaíocht na Féinne a thabhairt isteach sa 21ú haois, is é an leabhar dea-scríofa, dea-dheartha seo é."

Léitheoirí Óga

An Bradán Feasa

Leabhar sa tsraith Fionn do léitheoirí san aoisghrúpa 9+ is ea An Bradán Feasa. Déanann an leabhar seo atá maisithe ag an údar athinsint ar an seanscéal faoi mar a fuair Fionn bua an fheasa.

Dóiteoir na Samhna

An dara leabhar sa tsraith Fionn do léitheoirí san aoisghrúpa 9+ is ea Dóiteoir na Samhna, leabhar maisithe a dhéanann athinsint ar an seanscéal faoi Fhionn agus doiteoir na Teamhrach.

 

 

 

Coinneáil Orainn

Donncha Mac Con IomaireIs é Coinneáil Orainn an chéad dráma le Darach Ó Scolaí. Ghnóthaigh an dráma Duais Bháitéir Uí Mhaicín amach i 2005, agus an BBC Stewart Parker Award i 2006.

Is iad Taibhdhearc na Gaillimhe a léirigh an dráma, agus is é Darach Mac Con Iomaire a stiúraigh, agus is é Adrian Ó Ciardha a bhí ina bhainisteoir léirithe. Páirteach sa dráma bhí Brídín Nic Dhonncha, Peadar Ó Treasaigh, Donncha Mac Con Iomaire, agus Morgan Cooke. Tugadh an dráma ar camchuairt i 2005 go Baile Átha Cliath (Axis Arts Centre), Ráth Cairn, Gaoth Dobhair, agus Árainn.

Léirmheas

“Ó Scolaí is relentless in his outspoken observances and criticisms of language policies.... This is a satirical comedy about language, lies, bureaucracy, and Gaeltacht grants that cleverly uses language as the context of the dramatic conflict.... Tha author demonstrates an innate understanding of how scenes unfold into the dramatisation of a story. He measures suspense, comnedy, and conflict that is exhalted by the frenetic energy in fast-paced action, tightness of timing and continuity.”
— Norma-Jean Kenny, The Galway Advertizer

Cleireach CruaCoinneáil Orainn ar fáil ó Leabhar Breac

Tá script an dráma foilsithe anois ag na foilsitheoirí Leabhar Breac, agus í ar fáil ó shiopaí maithe leabhar ar fud na tíre, nó le ceannacht ar shuíomh Leabhar Breac.

Nasc le Leabhar Breac

Athchóiriú don raidió

Mar chuid den tsraith raidió Trí Bhraon a chraolfaidh RTÉ Raidió na Gaeltachta san fhómhar, le cabhair ó Choimisiún Craolacháin na hÉireann (BCI), léireoidh an compántas drámaíochta Salamandar leagan nua athchóirithe don raidió den dráma Coinneáil Orainn.