Féach:

 

Craos

Craos, SalamandarIs é Craos an tríú dráma sa tsraith Trí Bhraon le Darach Ó Scolaí a phléann leis an mbréag agus le saol na Gaeltachta agus na Gaeilge fré chéile.

Fearacht an dá dhráma eile sa tsraith, Coinneáil Orainn agus An Braon Aníos, tugann Craos faoin ábhar tromchúiseach seo le greann dubh agus neart spraoi.

Ní hionann agus an dá dhráma eile a léirítear ar chúlra áiféiseach nó osréalaíoch (Coinneáil Orainn a dhéanann blár catha de ghiodán beag talún ar thaobh an bhóthair mhóir, agus An Braon Aníos a suitear ar dhíon tí timpeallaithe ag an bhfarraige) teannann Craos níos gaire do shuíomh coitianta an dráma cistine sa chaoi a suitear é i mbialann tuaithe ina bhfuil bean an tí, Nóra, i ndomhan fantaisíochta dá cuid féin, agus muintir an tí ar a ndícheall ag iarraidh an saol bréige atá cruthaithe aici di féin a chaomhnú di. Ach nuair a éiríonn rómhaith leis an gcur i gcéill, agus nuair a shocraíonn Nóra tuilleadh oibre a bhaint as muintir an tí, cuireann an bhean óg, Caitlín, cos i dtaca. “Tá rudaí ag dhul ag athrú sa teach seo,” a deir Caitlín. Agus bydad tá!

 

Míreanna as Craos le feiceáil ar YouTube

Le blaiseadh den dráma a thabhairt tá dhá mhír ghearra as an dráma uasluchtaithe ar YouTube agus iad le feiceáil anseo anois, 'Folúsghlantóir' agus 'Béilí Mór Breá'. Taifeadadh na píosaí seo beo le linn an léirithe ar an 15, 16 Samhain in Amharclann Chois Fharraige, Conamara.

 

craosCamchuairt 2008

Is iad an compántas Salamandar a léirigh Craos, agus is iad na haisteoirí Peadar Ó Treasaigh, Pádraic Ó Tuairisc, Caitlín Ní Chonghaile agus Caitríona Ní Chonaola a bhí páirteach sa dráma. Is é Darach Ó Scolaí a léirigh an dráma, agus is í Sorcha Nic Eochagáin a bhí ina bainisteoir léirithe. Léiríodh an dráma i mBaile Átha Cliath (The New Theatre i mBarra an Teampaill), i gCorcaigh le linn an Oireachtais(sa Unitarian Church), i mBéal Feirste (sa Chultúrlann) agus in Amharclann Chois Fharraige.

Léirmheas

“Dráma grinn a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth, agus caint spleodreach deisbhéalach…. Spreagann an drama go leor ceisteanna faoin chur i gcéill a chleachtaíonn daoine ar mhaithe leo féin agus ar mhaithe lena chéile. Is fiú go mór é a fheiceáil.” —Máiréad Ní Chinnéide, The Irish Times, 29.10.2008

salamandar“Ba léir ón tús gur drama gairmiúil a bhí i gceist — aisteoireacht den scoth agus stiúrú éifeachtach deimhnitheach.” —Brian Ó Tiomáin, Foinse, 09.11.2008

“An bhreag agus an bhréagaireacht croí an drama…. Dráma lán grinn agus daonnachta.” —Robert McMillen, The Irish News, 06.11.2008

Craos ar fáil ó Leabhar Breac

Tá script an dráma Craos foilsithe ag na foilsitheoirí Leabhar Breac. Tá an leabhar ar fáil ó shiopaí maithe leabhar ar fud na tíre, nó le hordú ó litríocht.com.
Gach eolas le fáil ar an suíomh: www.leabharbreac.com.