Féach:

Leabhair

An Cléireach bog

An Cléireach, úrscéal a ghnóthaigh Gradam Uí Shúilleabháin agus Duais an Oireachtais. "Is iad inchredteacht agus dealraitheacht na scríbhneoireachtaa mheallann an léitheoir isteach sa scéal."

Craos

Craos, an tríú dráma sa triológ Trí Bhraon. “Dráma grinn a bhfuil ábhar machnaimh ann, aisteoireacht den scoth, agus caint spleodrach deisbhéalach.”

An Braon Aníos

An Braon Aníos, an dara dráma sa triológ Trí Bhraon. "Salamandar de chic do dhrámaíocht na Gaeilge."

Coinneáil Orainn

Coinneáil Orainn, an chéad dráma sa triológ Trí Bhraon. "Aor grinn atá sa dráma faoi theanga, bhréaga, mhaorlathas agus deontaisí Gaeltachta, i dtraidisiún Myles na gCopaleen."

An Ceithearnach Caolriabhach

An Ceithearnach Caolriabhach, athinsint ar scéal grinn a cumadh c.1500, agus é maisithe ag an údar.

Feis Tigh Chonáin

Feis Tigh Chonáin, athinsint ar sheanscéal. "Má tá leabhar ar bith chun scéalaíocht na Féinne a thabhairt isteach sa 21ú haois, is é an leabhar dea-scríofa, dea-dheartha seo é."

Léitheoirí Óga

An Bradán Feasa

Leabhar sa tsraith Fionn do léitheoirí san aoisghrúpa 9+ is ea An Bradán Feasa. Déanann an leabhar seo atá maisithe ag an údar athinsint ar an seanscéal faoi mar a fuair Fionn bua an fheasa.

Dóiteoir na Samhna

An dara leabhar sa tsraith Fionn do léitheoirí san aoisghrúpa 9+ is ea Dóiteoir na Samhna, leabhar maisithe a dhéanann athinsint ar an seanscéal faoi Fhionn agus doiteoir na Teamhrach.

 

 

 

Ealaín ar Oileán 2009

Aindrias de Staic agus Ronan O SnodaighEalaíontóirí ag labhairt le healaíontóirí is bunús leis an gcomhdháil seo ina dtugtar an t-ardán d’ealaíontóirí as na meáin ealaíne éagsúla chun ceisteanna a bhaineann lena n-ealaín a phlé.

Is in Áras Éanna, Inis Oírr, a reachtáiltear an tsraith ríthábhachtach cainteanna is taispeántais phoiblí seo ina ndéantar an ealaín, ní hamháin a cheiliúradh le himeachtaí éagsúla dearc-ealaíne, drámaíochta, agus ceoil, ach a neartú tríd an idirphlé atá riachtanach idir ealaíontóirí agus idir gnéithe éagsúla na healaíne ionas gur féidir léi a meoin sainiúil féin a fhorbairt go neamhspleách.

Diarmuid de FaoiteOrthu siúd a bhí páirteach linn go dtí seo tá na ceoltóirí Aindrias de Staic agus Rónán Ó Snodaigh (thuas), na filí Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson, na drámadóirí Joe Steve Ó Neachtain, Diarmuid de Faoite (ar dheis) agus Darach Mac Con Iomaire, na scríbhneoirí Liam Mac Cóil, Seán Mac Mathúna, Eilís Ní Dhuibhne agus Alan Titley.

Ar dheireadh seachtaine 22-24 Bealtaine tionlófar an séú comhdháil d'Ealaín ar Oileán. Orthu siúd a bheidh páirteach i mbliana beidh an cumadóir ceoil Rachel Holstead agus na scríbhneoirí Tomás Mac Síomóin agus Dara Ó Conaola, chomh maith le mathshlua saoithe agus ealaíontóirí!

Cuirfear tús leis an deireadh seachtaine le fáiltiú oíche Dé hAoine, agus bheadh sé i gceist go mbeadh trí sheisiún ann (Dé Sathairn: maidin & tráthnóna; Dé Domhnaigh: maidin). I nGaeilge amháin a reachtáilfear na himeachtaí, agus beidh fáilte roimh chách. Cuirfear deireadh leis an tionól am lóin Dé Domhnaigh chun deis a thabhairt do na cuairteoirí bealach a dhéanamh abhaile.

Rachel HolsteadComhdháil na bliana 2008

Mórscéal chomhdháil na bliana seo caite ba ea an taispeántas ceoil agus cainte ar thraidisiún an cheoil chlasaicigh a thug an cumadóir ceoil as Lios Póil, Rachel Holstead (sa phictiúr). D'fhag an cur síos spreagúil a rinne sí ar fhorás an cheoil ó thús ama go dtí ceol chumadóirí móra ár linn féin an slua faoi dhraíocht. Mar thoradh air sin tá sé i gceist againn seimineáir ghearra ar ghnéithe ar leith en ealaín a eagrú feasta mar chuid den chomhdháil.

Páirteach léi sa chomhdháil sin ar an téama An Sean agus an Nua bhí an córagrafadóir Ríonach Ní Néill,, na scríbhneoirí Eilís Ní Dhuibhne agus Tomás Mac Síomóin, an t-ealaíontóir Clíodna Cussen, an file Louis de Paor, agus an ceoltóir Eoin Dillon.

Ealaíontóir ar lár

Cúis bhróin d'ealaíontóirí agus do Ghaeil scéala bás Fhlainn Uí Riain, go háirithe dóibh siúd a bhí i láthair ag comhdháil na bliana 2006, ina raibh Flann féin inár gcuideachta lena bhean Annette agus a iníon Aoife. Cartúnaí a raibh guth láidir neamhspleách be ea Flann Ó Riain, nó “doll”, agus ealaíontóir a raibh ardchaighdeán ag roinnt le gach gné dá chuid oibre. Déanaimid comhbhrón lena chomhluadar ar fad.